Publication

Cur chuige na ceardlainne mar mhodh eile teagaisc an aistriúcháin

de Bléine, Padaí
Citation
de Bléine, Padaí. (2023). Cur chuige na ceardlainne mar mhodh eile teagaisc an aistriúcháin. Léann Teanga: An Reiviú. https://doi.org/10.13025/ajb2-tk73
Abstract
Soláthraíonn an taighdeoir, san alt seo, tuairisc ar thionscadal taighde a rinneadh sa bhliain acadúil 2022–2023, idir Deireadh Fómhair 2022 agus Nollaig 2022, chomh maith le torthaí an tionscadail chéanna. Rinneadh taighde ar úsáid na ceardlainne mar mhodh teagaisc agus foghlama an aistriúcháin i measc mhic léinn an tríú bliain ar chúrsaí BA (Saorealaíona le Gaeilge). Is gnách go n-áirítear aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge mar chuid de na modúil sna Saorealaíona agus go dearfa, mar chuid de na modúil i mBaitsiléir an Oideachais, ó bhliain a haon go bliain a trí. Is gnách go mbíonn píosa leanúnach próis le haistriú ar ábhar ar leith agus go n-ullmhaítear ar bhonn seachtainiúil sa léacht é. Rinneadh taighde ar chur chuige na ceardlainne agus na mic léinn ag aistriú píosa leanúnach próis a chum an taighdeoir agus leabhair thagartha ar leith in úsáid ag na mic léinn sa cheardlann leis an aistriúchán a éascú. Baineadh úsáid as Gramadach Gan Stró, Eagrán 4 (Ó Dónaill, 2016), Ó Bhéarla go Gaeilge (Mac Lochlainn, 2018) agus Cruinneas (Mac Lochlainn, 2020) mar phríomhthéacsanna tagartha sa cheardlann. Baineadh úsáid as leabhair thagartha eile a mbeadh cur amach ag na mic léinn orthu thar na trí bliana dá gcúrsa céime agus dhírigh an taighdeoir leibhéal na teanga sa tsliocht a bhí le haistriú ar shiollabas an tríú bliain. Díríodh ar chur chuige na ceardlainne a mholtar in Fitzpatrick & Hunt (2019). Mar sin de, rinneadh taighde ar chur chuige an mhodha úir lena fháil amach cad é a shíl na mic léinn faoi chur chuige na ceardlainne agus iad ag cur lena bhfeasacht agus lena n-eolas ar an Ghaeilge. Cuireadh ceistneoir chuig na mic léinn ag tús an tionscadail le fáil amach cad é an dearcadh a bhí acu ar an aistriúchán go ginearálta agus ar a mhuiníní a bhí siad maidir le cúrsaí aistriúcháin. Eagraíodh an cheardlann agus rinneadh fístaifeadadh ar an cheardlann féin agus na mic léinn i mbun oibre le breathnóireacht a dhéanamh ar an chur chuige. Cuireadh agallamh ar na mic léinn i bhfócasghrúpaí cúpla lá i ndiaidh na ceardlainne lena dtuairimí ar an mhodh úr teagaisc a mheas. Rinneadh anailís ar thuairimí na mac léinn.
Funder
Publisher
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Publisher DOI
Rights
CC BY-NC-ND 3.0 IE